Monday 17 September 2012

Blag iontach ó dalta meánscoile

Thug múinteoir meánscoile, Maighréad Ní Iarlaithe, an nasc seo domsa. Is blag lánghaeilge é, scríofa le  Sionainn Ní Ghreacháin, déagóir ó Luimneach. Tá cuma proifisiúnaigh ar an mblag seo. Mar seo, tá sé dochreidte nach bhfuil an t-údar ach cúig bliana déag d'aois!




Tá Paisean le hAghaidh Faisin lán le moltaí faoi stíleanna gruaige, brógaí, cláracha teilifíse agus a domhain féin. Tá leathanach Facebook ceangailte leis comh mhaith.


Is áis iontach é an blog seo do dhéagóirí chun an teanga a léamh i slí suimiúil. Níl sé éasca píosaí léitheoireachta nua-aimseartha atá oiriúnach do dhaltaithe méanscoile a fháil. Mar sin, is blag leithleach amach is amach é!


A Shionainn, maith thú!

1 comment:

  1. Haigh a Emer, Sionainn anseo! Wow, go raibh míle maith agat as lán é sin a scríobh faoi mo bhlag. Braitheann sé go hiontach mar dhéagóir é a bheith ar eolas agam go mbaineann muinteoirí agus daoine fásta eile úsáid as mo bhlag. Ní fhaca mé an post seo ríomh ach bhíothas ar do bhlag cúpla seachtain ó shin mar gur tháinig sé suas nuair a bhí rud éigin faoi Ghaeilge á lorg agam. Mar is eol duit tógann sé a lán ama agus tá a lán oibre ag baint le blag a choimeád beo ach bainim an- taitneamh as é a dhéanamh agus cabhraíonn sé go mór liom le mo chuid Gaeilge. Míle buíochas, Sionainn.

    ReplyDelete